հDzídz

Scéim Socraíochta an AE: conas a úsáidimid do chuid faisnéise phearsanta

Bainfidh an Oifig Baile úsáid as an bhfaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú chun cinneadh a dhéanamh maidir le d'iarratas a dheonú.

Chomh maith le seiceáil aitheantais, is iad na 3 phríomh-bhealaí a bpróiseálfar do chuid faisnéise pearsanta ná:

  • seiceálacha coiriúlachta agus slándála
  • má sholáthair tú d바카라 사이트Uimhir Árachais Náisiúnta, seiceálacha fíor-ama leis an Roinn Oibre agus Pinsin agus le Coimisinéirí Ioncaim agus Custaim chun fianaise ar do chónaitheacht sa RA a mheas (mar shampla, taifid chánach nó sochair)
  • ag brath ar an gcás, faisnéis a roinnt le heagraíochtaí eile chun fianaise a chuireann tú ar fáil laistigh d바카라 사이트iarratas a fhíorú chun cosaint i gcoinne calaoise agus úsáid doiciméid góchumtha (mar shampla, ag deimhniú le hollscoil go bhfuil an teastas ollscoile a thug tú dúinn fíor)

Tá an comhroinnt sonraí seo deartha chun cuidiú le hiarratasóirí a stádas a fhíorú ar bhealach tapa agus simplí trí shonraí atá faoi sheilbh cheana féin ag ranna eile an rialtais a úsáid.

Chomh maith leis, is féidir leis an Oifig Baile do chuid faisnéise a phróiseáil ag brath ar an gcás chun a chuid feidhmeanna dlíthiúla agus oifigiúla a chomhlíonadh. D바카라 사이트fhéadfadh an méid a leanas a bheith san áireamh chomh maith:

  • má dhéanann tú iarratas ar shaoránacht sa Ríocht Aontaithe amach anseo
  • má fhaighimid fianaise go bhfuil cion suntasach déanta
  • má fhaighimid amach go bhfuil cion inimirce (mar shampla pósadh samhailteach) á dhéanamh
  • cead a thabhairt don Oifig Baile a dualgais cosanta a chomhlíonadh

Tá sé seo leagtha amach níos mine i bhfógra faisnéise phríobháideachta leis An gCóras Teorainneacha, Inimirce agus Saoránachta (CTIS). Leagann fógra faisnéise príobháideachta CTIS amach freisin conas is féidir leat cóip de do chuid faisnéise phearsanta a iarraidh, agus conas is féidir leat gearán a dhéanamh. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhfuil sé i gceist ag an bhfaisnéis atá leagtha amach sa nóta seo cur le fógra faisnéise príobháideachta CTIS, gan é a ionadú.

Updates to this page

Arna chur suas ar 11 Am Màrt 2019
Nuashonrú deireanach 11 An Giblean 2019 show all updates
  1. Translated information added.

  2. First published.

Print this page